|
|
|
|||||
|
|
|
|
|
|
T Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann i gceantar Dhuganna Theach anChustaim, Baile Átha Cliath. Lárionad domhanda dearscnaí den scoth mar abhfuil breis agus leath de phríomhbhainc agus de phríomhchuideachtaí árachais an domhain i mbun gnó. |
Brú na Bóinne, Contae na Mí. Is Suíomh Oidhreachta Domhanda an tuama pasáiste meigiliotach seo, a tógadh timpeall 3000 RCh. Cumadh é le hoscailt bheag sa tsaoirseacht chloiche a ligeann solas na gréine isteach chun lonrú ar lárphointe an tseomra adhlactha ag bánú lae le linn ghrianstad an gheimhridh. |
Réimse
tosaíochta na hoibre laistigh de BIC:
Mí-úsáid drugai
Príomhchathair:
Baile Átha Cliath
Rialtas: Is daonlathas parlaiminteach é Éire.
Tá a cuid dlíthe bunaithe ar an dlí coiteann agus ar reachtaíocht a achtaíonn
an Pharlaimint faoin mBunreacht.
Leagtar amach i mBunreacht na hÉireann an cineál rialtais atá ann agus
sainmhínítear ann na cumhachtaí agus na feidhmeanna atá ag an Uachtarán
(Ceann Stáit), ag an dá Theach den Oireachtas (an Pharlaimint) agus ag
an Rialtas. Sainmhínítear ann freisin struchtúr agus cumhachtaí na gcúirteanna
agus leagtar amach bunchearta na saoránach.
Tá dhá Theach sa Pharlaimint ar a dtugtar Dáil Éireann (an Teach Ionadóirí)
agus Seanad Éireann. Tá 166 chomhalta sa Dáil agus toghtar iad le vótaíocht
chomhchoiteann de réir córais ionadaíochta cionúire. Bíonn toghcháin ann
uair amháin ar a laghad gach cúig bliana. Tá 60 comhalta sa Seanad; ainmníonn
an Taoiseach (Príomh-Aire) aon duine dhéag díobh, toghann céimithe de
chuid ollscoileanna cuid acu agus toghtar an chuid eile ó roinnt painéal
gairme.
Sonraí teagmhála: Dá mba mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi Éirinn, téigh chuig www.irlgov.ie le do thoil.