
Indigenous,
Minority and Lesser-Used Languages, British-Irish Council
Ministerial Meeting, Galway 27 October 2006
Joint Communiqué
The British-Irish Council established under the Agreement reached in Belfast
on Good Friday 1998 held a Ministerial meeting today in the Connemara Coast
Hotel, Galway, Ireland. This is the first Ministerial meeting held by the
Indigenous, Minority and Lesser-Used Languages group. The meeting was
chaired by the Minister for Culture, Welsh Language and Sport, Welsh
Assembly Government, Alun Pugh AM.
The Irish Government was represented by the Minister for Community, Rural
and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív TD, who welcomed the delegates to the
meeting. The Scottish Executive was represented by Minister for Education,
Young People and Gaelic, Peter Peacock MSP. Guernsey was represented by
Minister Peter Sirett, Culture and Leisure Department, Jersey by Senator
Michael Vibert, Minister for Education, Sport and Culture, and the Isle of
Man by Manx Language Officer Rosemary Derbyshire.
The Welsh Assembly Government, represented by the Welsh Language Board,
takes the lead within the BIC on Indigenous, Minority and Lesser-Used
languages issues. As well as English, a range of different languages
indigenous to the BIC area were spoken during the meeting.
The meeting considered and agreed 3 discussion papers:
- Language Transmission within the Family
- Adult Education Provision for the Teaching and Learning of the Indigenous,
Minority and Lesser-Used Language
- Information and Communications Technology and Indigenous, Minority and
Lesser-Used Languages
Language transmission in the family was recognised as a vital building block
in the process of maintaining a language. The Ministers commended the
organisation of a workshop for practitioners working in the field of
language tranmission within the family in the BIC area. The workshop, which
preceded the Ministerial meeting, offered an important opportunity for
Administrations to further develop their own strategies in this important
aspect of language planning, by learning from the experiences of other
Administrations.
Ministers endorsed further work in this area in order to explore a number of
areas: models of what works to support language transmission in the family;
how models could be transferred to other language situations; and identify
gaps in knowledge and how BIC Administrations could work together to fill
those gaps.
Ministers noted the importance of recent developments in the field of
Information and Communication Technology to facilitate the use of languages
and raise their status. The Council agreed to establish a sub-group of
experts to further advance work in this area. It was agreed that a seminar
for experts working in ICT and lesser-used languages would be organised by
the Council in 2007.
Adult education and minority and lesser-used language education provision
were discussed by Ministers, and it was agreed that, whilst acknowledging
that the approach adopted and the support for adult education provision will
vary from one Administration to another, there are valuable opportunities to
be gained in continuing to share and exchange experiences in this area. A
practitioners workshop will be organised by the Council in 2007 to explore
opportunities for cooperation between member Administrations.
The Ministers then considered and approved proposals for the future work
programme of the Indigenous, Minority and Lesser Used Languages Group. The
Group will continue to advance work in the areas of language transmission
with the family, adult education and ICT. The Group will also turn focus on
two new areas namely Planning and Linguistic Considerations – establishing a
sub Group to facilitate that work – and Research, Data and Language Use
Surveys.
British-Irish Council (Indigenous, Minority and Lesser-used Languages
Sectoral Group)
27 October 2006
Issued by the Press & Information Office of the Dept. of Community, Rural &
Gaeltacht Affairs
Tel: 01 647 3130 Fax: 01 667 0826 Éadaoin Ní Mhonghaile 087 8519913
Email: eolas@pobail.ie Web: www.pobail.ie
Teangacha Dúchasacha, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana,
Comhairle na Breataine-na hÉireann
Cruinniú Aireachta, Gaillimh 27 Deireadh Fómhair 2006
Ráiteas Comhpháirteach
Tháinig Comhairle na Breataine-na hÉireann (CBÉ), a bunaíodh faoi Chomhaontú
Aoine an Chéasta i mBéal Feirste i 1998, le chéile inniu i gcomhair
cruinnithe Aireachta a tionóladh in Óstán an Connemara Coast. Is é seo an
chéad chruinniú Aireachta de chuid an Ghrúpa Teangacha Dúchasacha, Mionlaigh
agus Neamhfhorleathana seo. Tionóladh an cruinniú faoi chathaoirleacht Alan
Pugh, Ball Comhthionóil agus Aire Cultúir, Breatnaise agus Spóirt
Chomhthionóil Náisiúnta na Breataine Bige.
Ba é Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a
bhí i láthair thar ceann Rialtas na hÉireann agus chuir sé fáilte roimh na
toscairí chuig an gcruinniú. Bhí Peter Peacock, an tAire Oideachais, Óige
agus Gaidhlig i láthair thar ceann Feidhmeannas na hAlban. I measc toscairí
rialtais eile a bhí i láthair bhí -Aire Cultúir agus Fóillíochta Gheansaí,
Peter Sirett; an Seanadóir Michael Vibert, Aire Oideachais, Spóirt agus
Cultúir Gheirsí; agus Rosemary Derbyshire, Oifigeach Manannais Oileán
Mhanann.
Tá liosta iomlán de na toscairí istigh leis seo.
Is é Bord na Breatnaise, thar ceann Chomhthionól Náisiúnta na Breataine
Bige, a thógann ceannasaíocht laistigh de CBÉ ar cheisteanna a bhaineann le
Teangacha Dúchasacha, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana. I dteannta an
Bhéarla, úsáideadh réimse teangacha eile, a labhraítear i limistéar CBÉ, le
linn an chruinnithe.
Rinneadh staidéar ar 3 phlécháipéis le linn an chruinnithe agus aontaíodh
iad:
- Tíolacadh Teanga sa Teaghlach
- Soláthar Aosoideachas chun Teanga Dhúchasach, Mhionlaigh agus
Neamhfhorleathan a Theagasc agus a Fhoghlaim
- Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide agus Teangacha Dúchasacha,
Mionlaigh agus Neamhfhorleathana
Tá glactha leis go bhfuil tíolacadh teanga sa teaghlach ar an mbunchloch is
tábhachtaí i bpróiseas caomhnaithe teanga. Mhol na hAirí an ceardlann a
eagraíodh do na daoine sin atá ag obair i réimse an tíolactha teanga sa
teaghlach i limistéar CBÉ. Cuireadh críoch leis an gceardlann sular thosaigh
an cruinniú Aireachta agus thug sé deis thábhachtach do na hÚdaráis éagsúla
a gcuid straitéis féin sa réimse tábhachtach pleanála teanga seo a
fhorbairt, trí bheith ag foghlaim ón taithí atá ag na hÚdaráis éagsúla eile.
Cheadaigh na hAirí breis oibre sa réimse seo chun féidearthachtaí maidir le
roinnt gnéithe eile a fhiosrú: samplaí de céard is fearr a oibríonn chun
tacaíocht a thabhairt do thíoclacadh teanga sa teaghlach; conas a bhféadfaí
na samplaí seo a úsáid chun tacú le réimsí eile de chur chun cinn na teanga;
bearnaí eolais a aimsiú agus conas ar féidir le hÚdaráis CBÉ comhoibriú lena
chéile chun na bearnaí sin a líonadh.
Thug na hAirí suntas don tábhacht a bhaineann leis an dul chun cinn atá
déanta le déanaí i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)
maidir le húsáid na dteangacha a éascú agus le stádas na dteangacha a ardú.
D’aontaigh an Chomhairle gur cheart foghrúpa saineolaithe a bhunú chun breis
forbartha a dhéanamh sa réimse seo. Cinneadh go n-eagródh an Chomhairle
comhdháil in 2007 do shaineolaithe atá ag obair i réimse na TFC agus i
réimse na dteangacha neamhfhorleathana.
Phlé na hAirí ceist an aosoideachais agus an tsoláthair oideachais i
dteangacha neamhfhorleathana agus, cé gur glacadh leis go mbeadh cur chuige
éagsúil ag na hÚdaráis éagsúla i soláthar an aosoideachais, bhí na hAirí ar
aon tuairim gur chun leasa na nÚdarás éagsúil a bheadh sé a gcuid taithí a
roinnt sa réimse áirithe seo. Eagróidh an Chomhairle ceardlann in 2007 do
chleachtóirí i réimse an aosoideachais chun deiseanna comhoibrithe idir na
hÚdaráis éagsúla a fhiosrú.
Rinne na hAirí staidéar ansin ar mholtaí maidir leis an gclár oibre atá
amach roimh an nGrúpa Teangacha Dúchasacha, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana
agus ceadaíodh na moltaí sin. Leanfaidh an Grúpa ar aghaidh le cur chun cinn
na hoibre i réimsí an tíolacadh teanga sa teaghlach, aosoideachas agus TFC.
Beidh an Grúpa freisin ag díriú isteach ar dhá réimse nua – Dálaí Pleanála
agus Teangeolaíocha (aontaíodh foghrúpa a bhunú chun dul i ngleic leis an
obair seo) agus Taighde, Sonraí agus Suirbhéanna Úsáide Teanga.
Comhairle na Breataine-na hÉireann (Grúpa Rannach na dTeangacha Dúchasacha,
Mionlaigh agus Neamhfhorleathana)
27 Deireadh Fómhair 2006
Eisithe ag Preasoifig & Oifig Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus
Gaeltachta.
Teil: 01 647 3130 Facs: 01 667 0826 Éadaoin Ní Mhonghaile 087 8519913
Rphost: eolas@pobail.ie Idirlíon: www.pobail.ie
|